‘Na fadúdas in aghaidh na n’fheadars’ – eagrán chluiche ceannais na hÉireann le Dara Ó Cinnéide agus John Joe Ó Dochartaigh
‘Na fadúdas in aghaidh na n’fheadars’San eagrán speisialta seo de ‘An Pod Spóirt’ Ciarraí in aghaidh Dhún na nGall i gCluiche Ceannais Peile na hÉireann 2025 atá faoi chaibidil againn. Inár dteannta tá aoi speisialta againn, John Joe Ó Dochartaigh iarbhainisteoir agus iarimreoir le Dún na nGall a bhí ar an bhfoireann a bhuaigh craobh na hÉireann don contae den chéad uair i 1992. Deir John Joe linn cén fáth gur buntáiste dó a bhí ann nach raibh a fhios aige go mbeadh sé ag imirt ó thosach go maidin an chluiche ceannais an bhliain sin. Deir Dara Ó Cinnéide linn go mbíon package milseán aige maidin an All-Ireland ach go bhfágfadh sé cúpla ceann ar leith ina dhiaidh...Agus pléitear na coimhlintí agus na gnéithe eile den imirt a mbeidh tábhacht leo Dé Domhnaigh. An coimhlint stíleanna a bheidh ann dáiríre? An féidir David Clifford agus Seanie O’Shea a choimeád ciúin. Cad is féidir a dhéanamh le Michael Murphy ? An féidir le Ciarraí na tinte go léir a mhúchadh? Cic amach millteach Shaun Patton. Jim McGuinness agus Jack O’Connor. An ceangal Gaeltachta agus ‘Na fadúdas (fádtaobhde) in aghaidh na n’fheadars’. Agus ar deireadh thiar, pléitear an cheist is tábhachtaí acu go léir: cé a bhuafaidh an meaits?Podchraoladh é ‘An Pod Spórt’ ó Tuairisc ó Bhéal, sraith podchraoltaí nua ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie. ‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
--------
1:03:09
--------
1:03:09
Eagrán speisialta Chluiche Ceannais Iománaíochta na hÉireann le John Allen agus Paul Flanagan
San eagrán speisialta seo de ‘An Pod Spóirt’ Corcaigh in aghaidh Thiobraid Árann i gCluiche Ceannais Iománaíochta na hÉireann 2025 atá faoi chaibidil againn. Inár dteannta tá beirt aíonna speisialta linn, John Allen ó Chorcaigh agus Paul Flanagan ó chontae an Chláir, beirt a bhfuil taithí mhór ar an lá mór acu. Déantar plé ar thábhacht na ndeasghnátha beaga don imreoir seachtain chluiche ceannais na hÉireann. Pléitear na coimhlintí agus na gnéithe eile den imirt a shocróidh an mbeidh deireadh leis an bhfanacht fada cois Laoi ar an 31ú craobh na hÉireann nó an mbeidh Tiobraid Árann ag ceiliúradh a gcéad cheann ó 2019 agus a 29ú ceann ar fad. Déantar plé ar conas is fearr an brú a bhaineann leis an gcarnabhal cois Laoi a ionramháil. Insíonn Paul dúinn faoin gcomhrá a bhí aige le Tony Kelly cúpla lá roimh chluiche ceannais na bliana seo caite agus míníonn John dúinn cén fáth nach bhfuil Corcaigh chomh maith is a cheapann daoine.Agus déanann Pádraic cur síos dúinn ar an obair dhian ullmhúcháin a bhíonn le déanamh ag an iriseoir spóirt seachtain an chluiche ceannais…Podchraoladh é ‘An Pod Spórt’ ó Tuairisc ó Bhéal, sraith podchraoltaí nua ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
--------
1:07:07
--------
1:07:07
Tír Eoghain is taithí na staire, teachtaireacht Jack do Chiarraí, ag taifeadadh ionadaithe na Mí, ag pleanáil do Mhichael Murphy
San eagrán is déanaí de ‘An Pod Spórt’, tá iarchaptaen Chiarraí, Dara Ó Cinnéide, Pádraic Ó Ciardha agus Seán Tadhg Ó Gairbhí linn chun súil chun cinn a chaitheamh ar chluichí ceannais peile na hÉireann agus ar chluiche ceannais Chorn Tailteann.An bhfuil sé i ndán dúinn gurb iad na Ciarraígh in aghaidh na gConallach a bheidh againn i gcluiche ceannais na hÉireann nó an bhféadfadh Tír Eoghain nó contae na Mí tuisle a bhaint astu? Féachtar ar chuid de na laigí a d’fhéadfadh a bheith ag Ciarraí agus Dún na nGall i gcónaí agus ar an dóigh go bhféadfadh Tír Eoghain agus contae na Mí buntáiste a bhaint as na laigí sin. Deir Dara linn cén teachtaireacht a bheidh ag bainisteoir na Ríochta, Jack O’Connor an tseachtain seo. Insíonn iarchaptaen Chiarraí dúinn chomh maith cad a bhí á thaifeadadh aige ar an bhfón póca agus é amuigh ar an bpáirc sa Tulach Mhór i ndiaidh do chontae na Mí an ceann is fearr a fháil ar a chontae an mhí seo caite. Agus míníonn sé dúinn cad ina thaobh go mba bhreá lena chroí dá mbeadh an lá le Luimneach in aghaidh Chill Dara i gcluiche ceannais Chorn Tailteann.
--------
1:05:13
--------
1:05:13
Muinín Chorcaí, clisteacht Átha Cliath, taithí na gCat nó seanluachanna Thiobraid Árann - Cé acu is tábhachtaí an deireadh seachtaine seo?
San eagrán is déanaí de ‘An Pod Spórt’, tá iarimreoir agus iarbhainisteoir Chorcaí, John Allen, linn chun súil chun cinn a chaitheamh ar na cluichí leathcheannais i gCraobh Shinsir Iomána na hÉireann idir Corcaigh agus Áth Cliath agus idir Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann.Meastar go bhfuil an-seans anois ag Corcaigh Craobh na hÉireann a bhaint ach deir John nach bhfuil Áth Cliath gan seans, chomh fada is go n-éiríonn leo dhá thaispeántas maith i ndiaidh a chéile a thabhairt.Pléitear chomh maith cluiche mór an Domhnaigh agus Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann le haghaidh a thabhairt ar a chéile. Tá tosaithe na dTiobraid Árannach i mbarr a réime arís ach b’fhéidir nach bhfuil dream níos fearr chun srian a chur leo ná cosantóirí na gCat.Podchraoladh é ‘An Pod Spórt’ ó Tuairisc ó Bhéal, sraith podchraoltaí nua ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
--------
40:12
--------
40:12
Tiarnúlacht Jack O’Connor, leochaileacht Dhún na nGall agus muinín na Gaillimhe – féasta peile romhainn
San eagrán is déanaí de ‘An Pod Spórt’, tá iarchaptaen Chiarraí, Dara Ó Cinnéide, linn chun súil chun cinn a chaitheamh ar fhéasta peile bhabhtaí ceathrú ceannais peile na hÉireann – Dún na nGall in aghaidh Mhuineacháin, Áth Cliath in aghaidh Thír Eoghain, An Ghaillimh in aghaidh chontae na Mí agus Ciarraí in aghaidh Ard Mhacha. Labhraíonn Dara ar an aithne atá aige ar Jack O’Connor mar bhainisteoir agus ar an gcúis nár cheart go deo beag is fiú a dhéanamh dá chumas agus dá thiarnúlacht. Pléitear na cluichí móra go léir agus déantar trácht chomh maith ar neamhbhailbhe Phádraic Joyce, ar dhánaíocht Mhuineacháin agus ar bhóthar fada Dhún na nGall.Podchraoladh é ‘An Pod Spórt’ ó Tuairisc ó Bhéal, sraith podchraoltaí nua ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Listen to AN POD SPÓRT - Tuairisc Ó Bhéal, Christiane Amanpour Presents: The Ex Files and many other podcasts from around the world with the radio.net app