112 episodes
- In éineacht le criú An Pod Gaeilge an tseachtain seo tá John Walsh a bhfuil scéal na Gaeltachta mar a bhí (agus mar atá) ar fáil ina shárleabhar nua Ar Lámh Shábhála? Coimisiún na Gaeltachta 1926
Ina leabhar nua Ar Lámh Shábhála, Coimisiún na Gaeltachta 1926 tá cuntas beoga ríshuimiúil ag John Walsh ar an gcoimisiún agus na daoine a bhunaigh an Ghaeltacht 100 bliain ó shin.
Ar eagrán na seachtaine seo de An Pod Gaeilge, tá John in éineacht le Seán Tadhg Ó Gairbhí, Maitiú Ó Coimín agus Gormfhlaith Ní Thuairisg chun plé a dhéanamh ar stair na Gaeltachta, ar cad is Gaeltacht ann, ar na hathruithe ar chás na Gaeltachta le 100 bliain agus ar na ceisteanna, na claonta, na fadhbanna, na haighnis agus na polasaithe nár tháinig aon athrú orthu le 100 bliain anuas.
Roimh bhunú Choimisiún na Gaeltachta in 1926, dúirt an chéad cheannasaí ar an saorstát William T Cosgrave ‘gur buaileadh agus gur robáladh agus gur fágadh an Ghaeilge leathmharbh i leataoibh an bhóthair’.
An cheist mhór a bhí aige ná an rabhamar chun ‘í a fhágaint ina luighe ansan nó an rabhamar chun í do leigheas agus í a chur ar láimh shábhála’?
Cén rogha a deineadh 100 bliain ó shin agus cén rogha atá le déanamh inniu againn?
Chomh maith leis an bplé faoi na ceisteanna sin, tá an t-uasdátú eisiach deireanach againn faoi phósadh Mhaitiú roimh an lá mór amárach.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orain ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service. ‘Tá a lámh i mbéal an mhadra ag rialtas na tíre seo’...an Buiséad, an pholaitíocht idirnáisiúnta agus cuairt ó mhadra Ghormfhlatha
08/10/2026 | 43 mins.Bhí Buiséad 2027, an pholaitíocht idirnáisiúnta, agus tionchar na meán sóisialta ar an tsochaí faoi chaibidil ag Darren agus a chuid aíonna Gormfhlaith Ní Thuairisg, Alex Hijmans agus Cormac Ó hEadhra, a bhí ina aoi den chéad uair ar An Pod Gaeilge. Agus an podchraoladh faoi lán seoil, thug aoi speisialta - madra Ghormfhlatha cuairt ar an gcriú…
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é An Pod Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
An Pod Gaeilge is an Irish language podcast from Tuairisc, the national IRish language online news service. Visit us at www.tuairisc.ie or on social media.- San eagrán breise seo de ‘An Pod Gaeilge’ pléitear cás na Gaeilge agus na Gaeltachta i mBuiséad 2027 a fógraíodh inniu
Méadú níos lú ná €1 milliún a fógraíodh don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin i mBuiséad 2027.
Béim síos mhór do lucht na Gaeilge a bhí san fhógra maidir leis an gcaiteachas ar an teanga agus cháin an freasúra go láidir cur chuige an rialtais i leith na teanga agus na Gaeltachta.
In éineacht le Seán Tadhg agus Pádraic chun sin a phlé, tá Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, a deir gur ‘tubaiste don Ghaeilge’ a bhí ann.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service. - In éineacht le Darren agus Maitiú ar an eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ tá na hiriseoirí Gormfhlaith Ní Thuairisg agus Póilín Ní Chiaráin linn chun scéal léanmhar Bhóthar Gharbhachaidh a chíoradh. Pléitear an dochar atá déanta ag an tsáinn do Choimisiún na bParáidí agus do Stormont féin. An dtitfidh an feidhmeannas roimh an Nollaig? Pléitear ‘dreach nua ar sheanchréachta’ Dhrom Crí agus ról Jamie Bryson, gníomhaí dílseach, sa chonspóid.
Tá plé bríomhar againn freisin faoin gconspóid a lean alt le Donncha Ó hÉallaithe ar Tuairisc faoi chomharthaí Gaeltachta a cuireadh suas i gceantair oifigiúla Gaeltachta i gcathair na Gaillimhe. ‘Gadaíocht chultúrtha’ a dúirt Ó Donncha Ó hÉallaithe. ‘Caint mhaslach’ a bhí ansin, dar le lucht pleanála teanga. Cuireadh leis an gconspóid nuair a dúirt Ó hÉallaithe gur gadaíocht chultúrtha a bhí i gceist chomh maith leis an ‘An Cheathrú Ghaeltachta’ i mBéal Feirste?
Ach cad is brí leis an téarma Gaeltacht sa lá atá inniu ann? Nó an ndéanann sé aon difríocht?
Ar deireadh pléitear an dara cluiche conspóideach ag Éirinn in aghaidh Iosrael, a bheidh ar siúl Dé Domhnaigh.
É sin go léir agus uasdátú ar na hullmhúcháin roimh phósadh Mhaitiú…
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service. Doirn agus doirníní san aer don Ardrí, miotal an bháis agus Joe ar a rothar leictreach
24/09/2026 | 56 mins.Beidh siad ag ceol agus ag bopáil i nGaoth Dobhair agus i nDún Lúiche an deireadh seachtaine seo agus an fhéile Dorn San Aer in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí á reáchtáil don tríú bhliain. Bhí duine de choiste na féile, Eoghan Mac Giolla Bhríde, in éineacht le Seán Tadhg, Bridget agus Pádraic ar an eagrán is déanaí de An Pod Gaeilge agus cur síos déanta ag Eoghan ar imeachtaí na féile, ar oidhreacht a dhlúthchara agus ar an gcúis go bhfuil ceoltóirí ó cheann ceann na tíre ag déanamh ar Thír Chonaill an deireadh seachtaine seo in ómós dó.
Pléadh chomh maith cuid de na scéalta a tháinig chugainn ó Theach Laighean an tseachtain seo. Tráth a bhfuil iar-aire stáit don Ghaeltacht ag iarraidh daoine gan Gaeilge a chur ar chomhairle lucht féachana TG4, tá iar-aire eile ag iarraidh iad a chur ar rothair leictreacha agus iad a thabhairt timpeall thuaisceart Dhún na nGall chun cúpla focal a mhúineadh dóibh.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
More News podcasts
Trending News podcasts
About AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
Seo chugaibh ‘AN POD GAEILGE’, podchraoladh ina ndéanfar plé ar chúrsaí a bhaineann leis an nGaeilge agus cúrsaí nach mbaineann leis an nGaeilge.
Podcast websiteListen to AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal, The News Agents and many other podcasts from around the world with the radio.net app

Get the free radio.net app
- Stations and podcasts to bookmark
- Stream via Wi-Fi or Bluetooth
- Supports Carplay & Android Auto
- Many other app features
Get the free radio.net app
- Stations and podcasts to bookmark
- Stream via Wi-Fi or Bluetooth
- Supports Carplay & Android Auto
- Many other app features


AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
Scan code,
download the app,
start listening.
download the app,
start listening.
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal: Podcasts in Family






















