180 episodes
- Ba scéal mór é sa Bhreatain Bheag nuair a chuir Plaid Cymru deireadh le forlámhas Páirtí an Luchta Oibre i mí na Bealtaine - páirtí a bhí i gcumhacht sa tír le breis agus 100 bliain.
Is páirtí polaitíochta é Plaid Cymru ina bhfuil dlúthcheangal aige le cur chun cinn na teanga Bhreatnaise agus tá an teanga ar a dtoil ag formhór na n-airí rialtais, ar a laghad.
Is éacht suntasach é do thír inár tháinig meath dhamnaithe ar an teanga leis na cianta.
Anois, áfach, amharctar ar an mBreatain Bheag mar eiseamláir - mar chinéal blueprint faoi conas teanga – a bhí i mbaol - a athbheochan arís.
Ba é scéal athbheochan na Breatnaise, scéal faoi feachtasaíocht, faoi toil pholaitiúil, agus faoi dúthracht na ndaoine chun todhchaí an teanga a athrú.
Ach cé chomh fíor is atá rath na hathbheochana sa Bhreatain Bheag?
An glas iad na cnoic i bhfad uainn?
Nó an bhfuil ceachtanna le foghlaim againne ón Bhreatain Bheag i leith cur chun cinn na Gaeilge?
Ar Seachtain déanann an Dr Ben Ó Ceallaigh, leachtóir in ollscoil Aberystwyth, iniúchadh ar na ceachtanna atá le foghlaim ón Bhreatain Bheag.
Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism
Foclóir:
Eiseamláir: Role model
Breatnais: Welsh
Athbheochan: Revival
Meath: Decline
Forlámhas: Supremacy
Rath: Success
Cos ar bolg: Oppress
Monarcháin: Factories
Ní sin an chloch is mó ar a phaidrín: It's not his biggest concern
Aire rialtais: Cabinet minister
Ag mianadóireacht: Mining
Nach maireann: The late or deceased
Coilíniú: Colonisation
Céatadán: Percentage
Folláin: Healthy
Ceacht: Lesson
Cíos: Rent
Bagairt: Threat
Cáin: Tax
Is fiúntaí: Most worthwhile
Uaillmhianach: Ambitious
Slat tomhais: Measuring stick
Mian: Desire
See omnystudio.com/listener for privacy information. - Breis is daichead bliain ó shín, d’imigh Barbara Bhreathnach, máthair óg de sheachtar, ar iarraidh gan tasc gan tuairisc i gCarna i gcroílár na Gaeltachta.
Oíche amháin i mí an Mheitheamh 1985, bhí muintir Bhreathnach ag cóisireacht sa teach tábhairne áitiúil, agus gaolta ar cuairt acu ó thar lear.
D’fhill siad go teach cónaithe muintir Bhreathnach agus lean an chóisir ar aghaidh go dtí na huaireanta beaga an mhaidin sin.
Chonacthas Barbara don uair dheireanach agus í ina codladh ar an tolg ag 4am.
Ní fhaca a teaghlach í ón lá sin ná ní raibh aon teagmháil léi ó shin.
Cad é go díreach a tharla an oíche chinniúnach sin?
Cén fáth nár tarraingíodh mórán airde ar an chás?
Agus an bhfuil daoine ann go fóill ag coinneáil na fírinne faoi cheilt?
Ar Seachtain, amharcann an t-iriseoir Áine Ní Bhreisleáin siar ar an chás a tharla 41 bliain ó shin agus atá go fóill gan fhreagraí.
Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism
Foclóir:
Ar iarraidh: Missing
Sna deaga: In the teenage years
Tábhairne: Pub
Scaifte: Group
Is cosúil: It seems
Pas: Passport
Módh taistil: Means of transport
Tuairimíocht: Speculation
In ísle brí: Depressed
Fiosrúchán: Investigation
Easpa: A lack of
Tochaltóir: Digger
Colscaradh: Divorce
Ráflaí: Rumours
Rún: Secret
See omnystudio.com/listener for privacy information. - Níl aon taifead ann de Ghaeilge Loch Garman.
Mar sin de, an bhfuil sí caillte ar fad nó an bhfuil fianaise ar bith ann faoin chineál Gaeilge a bhíodh ann?
Agus cad iad na teangacha eile a bhí á labhairt sa chontae in éineacht leis an nGaeilge?
Labhair Ciarán Dunbar leis an Dr Conchubhar Ó Crualaoich, Príomhoifigeach Logainmneacha leis an mBrainse Logainmneacha, comh-údar Gaelic Wexford: 1400 – 1660, agus thar rud ar bith eile, fear de bhunadh Bhaile Loch Garman.
Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism
See omnystudio.com/listener for privacy information. - Is dúiche Éireannach a chaith beagnach trí chéad bliana faoi thionchar na Lochlannach é Loch Garman.
Sa bhliain 1170 tháinig na hAngla-Normannaigh chuig an chontae agus d’fhág lorg ann a mhaireann go dtí an lá atá inniu ann – an Béarla, cuir i gcás.
Ní nach ionadh, glactar leis go minic, sa stairseanchas, agus sa stair scríofa ag an lucht léinn gur contae gallda amach is amach a bhí ann ó shin. Contae is ea é nach samhlaítear le Gaeltacht nó leis an nGaeilge.
Léiríonn taighde gurbh ann do na Gaeil agus a dteanga sa chontae i gcónaí áfach.
Labhair Ciarán Dunbar leis an Dr Conchubhar Ó Crualaoich, Príomhoifigeach Logainmneacha leis an mBrainse Logainmneach, comh-údar Gaelic Wexford: 1400 – 1660, agus thar rud ar bith eile, fear de bhunadh Bhaile Loch Garman.
Sa chéad eagrán eile den phodchraoladh seo, gheobhaidh muid amach faoi cén chineál Gaeilge a bhíodh á labhairt, i nGaeltacht Loch Garman.
Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism
See omnystudio.com/listener for privacy information. - Ó Learphoill go cathair Londain - is fada scéal an imirce go Sasana.
Leis an glúnta, chuir easpa deiseanna sa tír seo iachall ar dhaoine imeacht, agus ba í an Bhreatain an chéad stad do cuid mhaith acu agus iad ag cuartú saol níos fearr dóibh féin.
Le linn an chéad seo caite, bhí na hÉireannaigh ag croílár tionscadail tógála sa Bhreatain, ach taobh leis an obair sin, bhí leithcheal, imeallú agus droch-chlú a lean iad ar feadh i bhfad.
Mar sin, cén tionchar a bhí ag an imeallú seo ar na pobail Éireannacha ar fud na Breataine?
Agus cén chuma a bhí ar an saol i ndáiríre dóibh siúd a rinne an turas trasna Mhuir Éireann?
Tá taispeantas nua san Epic Museum i mBaile Átha Cliath a dhéanann iniúchadh ar na ceisteanna seo agus ar scéal na n-imirceach i Sasana.
Chun an stair seo a fhiosrú, labhair Seachtain leis an staraí eacnamaíochta Cormac Ó Gráda - duine acu siúd atá taobh thiar den taighde don taispeantas seo - le súil siar a chaitheamh ar shaol na nÉireannach i Sasana.
Foclóir:
An Réabhlóid Thionsclaíoch: Industrial revolution
Táille: Fee
An chosmhuintir: The common people
Spáilpíní: Nomadic farmworkers
Díspeag: Belittle
Coitianta: Common
Éirimiúil: Intelligent
Ag toraíocht: Searching
Achrann: Dispute
Sloinnte: Surnames
Meán: Average
Maoiniú: Financing
Eachtrannaigh: Foreigners
Bhí fonn orthu: They were keen to
Todhchaí: Future
Ag maolú: Petering out
Naimhdeas: Animosity
Sofheicthe: Visible
Léirsithe: Demonstrations
Inimirce: Immigration
Ganntanas oibrithe: A lack of workers
See omnystudio.com/listener for privacy information.
More News podcasts
Trending News podcasts
About Seachtain
Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge.
Podcast websiteListen to Seachtain, The Rest Is Politics and many other podcasts from around the world with the radio.net app

Get the free radio.net app
- Stations and podcasts to bookmark
- Stream via Wi-Fi or Bluetooth
- Supports Carplay & Android Auto
- Many other app features
Get the free radio.net app
- Stations and podcasts to bookmark
- Stream via Wi-Fi or Bluetooth
- Supports Carplay & Android Auto
- Many other app features


Seachtain
Scan code,
download the app,
start listening.
download the app,
start listening.
Seachtain: Podcasts in Family




































