PodcastsReligion & SpiritualityIdir Chroí agus Anam

Idir Chroí agus Anam

Tomaí Rua
Idir Chroí agus Anam
Latest episode

7 episodes

  • Idir Chroí agus Anam

    Pádraigín Ní Uallacháin | An Caoineadh, Leigheas an Cheoil agus Bandéithe na hÉireann

    28/10/2025 | 43 mins.

    Is amhránaí, scríbhneoir, taighdeoir agus cumadóir í Pádraigín Ní Uallacháin a bhfuil a saol caite aici sna healaíona traidisiúnta, ag caomhnú amhráin a ceantair dúchais féin, Oirialla, agus ag cruthú saothar nua a bhfuil idir dhoimhneacht mhothúchánach agus saibhreas ceoil ina chroílár.Shuigh sí féin agus Tomaí síos le labhairt ar an bhás agus ar an bheatha, ar thraidisiún an chaointe agus ar bhandéithe na hÉireann.Phléigh siad chomh maith an tráma idirghlúine agus an tionchar atá aige ar Ghaeil inniu, foinse na cruthaitheachta, agus an bhrí níos doimhne a bhaineann lena cuid oibre i ndomhan na hamhránaíochta.Tá tuilleadh eolais faoi shaothar Phádraigín le fáil ar a suíomh idirlín irishsong.com

  • Idir Chroí agus Anam

    Siobhán de Paor | An Réabhlóid Anama, Fuinneamh na Gaeilge agus Naofacht an Mháithreachais

    26/10/2025 | 44 mins.

    Is file, scéalaí agus ceiliúraí í Siobhán de Paor atá ina léiriú beoga beathach ar an athshealbhú teanga, traidisiún agus diagachta atá ar siúl sa lá atá inniu ann.Labhair sí le Tomaí faoin réabhlóid anama a thug uirthi aghaidh a thabhairt ar an India, faoin tsaoirse atá le fáil sa chomhfhios Gaelach, agus faoi dhúshlán agus naofacht na breithe.Is féidir teacht ar níos mó eolais faoin obair ar leith a dhéanann Siobhán ar saordepaor.com

  • Idir Chroí agus Anam

    Antain Mac Lochlainn | Na Stóigh agus Tóraíocht na Dea-Bheatha

    25/10/2025 | 41 mins.

    Cad é an Stóchas? An bhfuil an teagasc go fóill ábhartha do shaol an lae inniu? Cad iad na cosúlachtaí idir é agus an Búdachas?Labhair Tomaí faoin ábhar sin agus tuilleadh leis an sár-aistritheoir agus scríbhneoir Antain Mac Lochlainn.Phléigh siad an chomhairle a bhí ag na Sean-Stóigh, an dóigh ar amharc siad ar an chosmas, agus ar an dúshlán a bhaineann le cuid de na téarmaí fealsúnachta a aistriú go Gaeilge.‘Tóraíocht na Dea-Bheatha’ is teideal don leabhar atá scríofa ag Antain ar chuid de na fealsaimh is clúití de chuid na Sean-Ghréige agus na Sean-Róimhe, saoithe an Stóchais ina measc.Is féidir an leabhar a cheannach ar leabharbreac.com

  • Idir Chroí agus Anam

    An tAthair Brian Ó Fearraigh | Cleachtadh an Ghrá agus Dúchas an Chreidimh

    21/10/2025 | 49 mins.

    Tá an tAthair Brian Ó Fearraigh ina shagart paróiste i nGaoth Dobhair, Gaeltacht Dhún na nGall.Labhair sé le Tomaí faoina shaol féin mar shagart, faoi bhunteagasc na Críostaíochta, agus faoin íomhá atá aige féin go pearsanta de Dhia.Phléigh siad chomh maith an tart spioradálta atá ar dhaoine - in ainneoin na n-athruithe atá tagtha ar an tsochaí - agus an nasc domhain atá idir an creideamh, an oidhreacht agus an dúlra.Ar an drochuair, chuaigh Teach Pobail Mhuire i nGaoth Dobhair trí thine i mí Aibreáin 2025. Táthar ag bailiú airgid le Teach Pobail nua a thógáil agus is féidir tacú leis an fheachtas ar a leathanach gofundme.

  • Idir Chroí agus Anam

    Jenny Ní Ruiséil | Cosán an Ióga, Ayurveda agus Leigheas an Athcheangail

    21/10/2025 | 38 mins.

    Is múinteoir ióga, ceoltóir agus treoraí í Jenny Ní Ruiséil atá ag athcheangal le naofacht dúchais na hÉireann trína cuid ceoil agus cleachtas.Labhair sí le Tomaí faoina haistear pearsanta féin, faoin teagasc ársa domhain de chuid na hIndia, Tantra, ar an mhodh leighis Ayurveda, agus ar thraidisiún na mantraí.Mhínigh Jenny chomh maith an bealach a bhfuil sí féin agus daoine eile ag athnascadh le bandéithe na hÉireann agus le spiorad na talún.Is féidir tuilleadh a fháil amach faoi cheol Jenny, agus faoi na ranganna agus imeachtaí áille a eagraíonn sí, ar jennyniruiseil.com

More Religion & Spirituality podcasts

About Idir Chroí agus Anam

Téigh ar aistear le Tomaí Rua agus é ag cíoradh ábhar caolchúiseach, neamhshaolta, dofheicthe - is é sin tóraíocht uilíoch an tsuaimhnis, an domhan inmheánach, an spioradáltacht. Le linn na sraithe bíonn comhráite oscailte ionraice ag Tomaí le haíonna den scoth faoi thraidisiúin éagsúla ghaoise, faoin dearcadh atá acu ar mhistéir na beatha, agus faoi chleachtaí spioradálta ó cheann ceann na Cruinne. Tá lón machnaimh le fáil ina gcuid focal feasa, sin agus ábhar misnigh do gach taistealaí ar thuras an tsaoil. Le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge, Scáileán Thuaisceart Éireann.
Podcast website

Listen to Idir Chroí agus Anam, We Wonder and many other podcasts from around the world with the radio.net app

Get the free radio.net app

  • Stations and podcasts to bookmark
  • Stream via Wi-Fi or Bluetooth
  • Supports Carplay & Android Auto
  • Many other app features
Social
v8.2.2 | © 2007-2026 radio.de GmbH
Generated: 1/9/2026 - 3:58:58 AM