360 episodes
- Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an seachtú lá déag mé mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Liam Ó Brádaigh.
Tá an foilsitheoir, Faber, tar éis ráiteas a eisiú ag deimhniú nach mbeidh siad ábalta leabhair Sally Rooney a chur ar fáil do shiopaí leabhair sa Ríocht Aontaithe mar gheall ar an tacaíocht phoiblí a thugann Rooney don eagraíocht ‘Palestine Action’. I mí Iúil 2025, cuireadh an grúpa agóide gníomhaíochta dírí, Palestine Action, faoi chois sa Ríocht Aontaithe mar eagraíocht sceimhlitheoireachta. Ó shin i leith, tá breis agus 3,500 duine sa Ríocht Aontaithe curtha faoi ghabháil as tacaíocht a léiriú don ghrúpa. Tá sé ráite ag Rooney go bhfuil sé i gceist aici cuid de na ríochíosanna óna saothar a bhronnadh ar Palestine Action, agus go bhfuil an baol ann, dá bhrí sin, go sáróidh sí an dlí má fhanann a cuid leabhar ar fáil sa Ríocht Aontaithe.
Tá rabhadh tugtha ag ceannairí ceardchumann go bhféadfadh “díospóid fhada dheacair” a bheith i ndán d’Éirinn mura dtagtar ar réiteach sna cainteanna pá. Chuaigh 300,000 seirbhíseach poiblí, ina measc altraí, dochtúirí, múinteoirí agus státseirbhísigh, ar stailc Dé Céadaoin. Dúnadh scoileanna, cuireadh coinní ospidéil ar ceal agus bunaíodh línte picéid ar fud na tíre le linn na stailce 24 uair an chloig. Dúirt an Taoiseach, Micheál Martin, go bhfuil an Rialtas “oscailte do chaibidlíocht leis na ceardchumainn i ndiaidh na gníomhíochta tionsclaíche.
Gearradh pianbhreith 15 bliana ar iar-cheannaire an Pháirtí Aontachtaigh Daonlathaigh Déardaoin, tar éis dó a bheith ciontaithe in 18 gcúis a bhain le mí-úsáid ghnéis, éigniú san áireamh, in aghaidh beirt bhan nuair a bhí siad ina bpáistí. Beidh Donaldson ag cur a phianbhreithe de i bPríosún Maghaberry, in aice le Lios na gCearrbhach, ach ní chaithfidh sé ach leath na tréimhse sin taobh thiar de bharraí. Dúirt Catherine Kierans, ceannaire an PSNI, go léiríonn an cás gur féidir mí-úsáid ghnéasach a cheilt taobh thiar de chló na hurraime, ach freisin “nach bhfuil aon duine — is cuma cén post, stádas nó cáil phoiblí atá acu — thar theacht an dlí.”
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
grúpa agóide gníomhaíochta dírí - direct action protest group
ríochíosanna - royalty payments
ceannairí ceardchumann - trade union leaders
caibidlíocht - negotiation
pianbhreith - sentence
cló na hurraime - impression of respectability - Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an deichiú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.
In Éirinn, fógraíodh Búiséad 2027 le linn na seachtaine. Deir an rialtas go bhfuil sé cóir d’oibrí, ach mheall an plean cáineadh ón bhfreasúra a deir gur theip ar an rialtas aon rud a dhéanamh ar son teaghlaigh atá ag streachailt le costais mhaireachtála. Tá roinnt athruithe beaga ar cháin, leasa, agus tacaíochtaí cúram leanaí ach dar le hanailís a rinne an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta beidh athrú beag nó easpa athruithe i gceist ar ioncam teaghlach. Deir saineolaí ón ITES nach ndéanfaidh an búiséad aon fheabhsú ar bhochtaineacht leanaí, atá ag 7.8% faoi láthair, agus nach ndéannan sé aon dul chun cinn maidir le sprioc an rialtais an fígiúir a laghdú go 3% in 2030. Cuireadh €1 milliún ar fáil don Roinn Oideachais chun tionscnamh “Clár Laochra Teanga na Gaeltachta” a chruthú, clár a tabharfaidh maoiniú do bheirt daltaí i ngach meánscoil sa tír freastal ar chúrsa sa Ghaeltacht. Seachas sin, méadú níos lú na €1 milliún atá á thabhairt don Ghaeilge, an Ghaeltacht agus na hoileáin sa bhúiséad. Ní bhfuair TG4 aon ardú maoinithe, den chéad uair le 10 mbliana anuas. €65.4 milliún a bheidh acu, mar an gcéanna leis an bhliain seo. Níor bhfuair RTÉ aon mhaoiniú breise ach oiread.
I Sásanna, bhuaigh Pairtí an Lucht Oibre an fothoghchán in Holborn agus St.Pancras, a tharla mar d’éirigh an t-iar-phríomh-aire Keir Starmer as mar Fheisire. Bhí an bua ag Sagal Abdi-Wali thar Zack Polanski, ceannaire an Chomhaontais Ghlais. Bhí béim ar an bhfothoghchán seo mar scrúdú ar rath Phairtí an Lucht Oibre faoi cheannaireacht nua Andy Burnham, agus an mbeadh siad in ann an tacaíocht a chaill siad i gcoinne an Chomhaontais Ghlais faoi stiúiriú Keir Starmer a fháil ar ais. Choimeád siad an suíochán ach laghdaíodh an tromlach ó 11,572 go 3,364 vóta. Dúirt Zack Polanski gurbh é an dara toradh is fearr a bhain an Comhaontas Glas amach i bhfothoghchán riamh agus gur bunús maith é le haghaidh tógáil agus forbairt an páirtí. Tár éis an drochthoraidh, ceistíodh Zach Polanski faoi na héilimh ó roinnt baill laistigh den phairtí ag iarraidh go n-eiródh sé as a ról mar cheannaire, tar éis conspóid níos luaithe sa tseachtain nuair a theip air freastal ar dhíospóireacht maidir le rún ag tabhairt sainmhíniú ar an Síónachas mar chineál ciníochais. Dúirt Polanski go cinnte go bhfanfadh sé ina ról mar cheannaire an Chomhaontais Ghlais agus nach raibh aon amhras aige faoi.
Tá El Niño ag láidriú agus an buaicphointe le teacht i mí na Nollag agus ag leanúint ar aghaidh go Feabhra 2027. Feiniméin aimsire nadúrtha atá i gceist, a tharlaíonn gach dhá go seacht mbliana, a mhaireann go ceann dha mhí dhéag de ghnáth. Ardaíonn El Niño teocht dromchla i bpáirt den Aigéan Ciúin le athruithe brú, gaoithe agus báistí ar fud an domhain mar thoradh. Ceaptar go mbeidh seo an tarlú is láidre a chonacthas ón mbliain 1950. Chomh maith le hathrú aeráide de dhéantús an duine, bhí éifeachtaí le feiceáil cheana i rith an tsamhraidh agus tá saineolaithe ag tnúth le hardú teochtanna sa chuid is mó den domhan i rith an gheimhridh freisin, agus baol tuilte agus triomaigh mar thoradh. Ní chuireann El Niño teocht nua sa phlainéad ach scaoileann sé teocht atá á stóráil san aigéan, le hardú teocht an aigéin mar thoradh ar an athrú aeráide tá níos mó teocht le scaoileadh. Chuir El Niño leis an teocht in 2024 agus 2023 - an bliain is teo agus an dara bliain is teo a taifeadadh riamh.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
costais mhaireachtála - living costs
bochtaineacht leanaí - child poverty
fothoghchán - by-election
díospóireacht - debate
feiniméin aimsire - weather phenomenon
teocht dromchla - surface temperature - Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an triú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.
Tar éis dóibh cluiche a chailleadh i gcoinne na Cosaive, fuair foireann sacair na hÉireann na chéad trí phointe faighte i Sraith na Náisiún Dé Domhnaigh. Cé gur éirigh leo an lámh in uachtar a fháil ar Iosrael, bua gan lúcháir a bhí ann tar éis cluiche nár cheart a imirt ar chor ar bith, dar le go leor daoine. Fiú roimh an deireadh seachtaine seo, bhí cúrsaí chomh hachrannach sin gur ghá d’UEFA an cluiche a bhogadh go dtí an Ungáir, chun coimhlint idir an dá ghrúpa lucht tacaíochta a sheachaint. Tháinig an crú ar an tairne, áfach, nuair a d’fhógair Gavin Bazunu nach raibh sé toilteanach páirt a ghlacadh i gceachtar den dá chluiche i gcoinne na nIosraelach. Dúirt Bazunu, a imríonn sa chúl le Bolton Wanderers, go raibh a chinneadh bunaithe ar a chreideamh pearsanta nach bhfuil sé ceart daoine neamhchiontach a mharú. Ina ainneoin sin, tá an cuma ar an scéal nach mothaíonn a chomh-imreoirí chomh láidir sin faoin gcinedhíothú sa Phalaistín, ós rud é gur bhuaigh an dream a bhí i bhfabhar na cluichí a chomhlíonadh nuair a reáchtáladh vóta sa seomra gléasta. Le linn an chluiche féin, bhí muinchillí dubha á gcaitheamh ag na hÉireannaigh agus d’ísligh siad a gceann agus amhrán náisiúnta Iosrael á sheinm. Idir an dá linn, cé nach raibh duine ná deoraí de lucht tacaíochta na hÉireann ann, líomhnaítear gur thug lucht tacaíochta Iosrael íde béil chiníoch d’Adam Idah. Buailfidh na foirne le chéile arís tráthnóna Dé Domhnaigh, an t-am seo sa tSeirbia, agus tá sé geallta ag captaen Iosrael, Manor Solomon, go mbeidh an toradh thar a bheith difriúil sa dara cluiche.
Go Port an Dúnáin anois, agus níl aon réiteach ar an tsáinn go fóill, gan ceachtar den dá thaobh ag géilleadh go fóill. Thug Coimisiún na bParáidí cead don Ord Oráisteach máirseáil síos Bóthar Gharbhachaidh den chéad uair le hocht mbliana is fiche anuas. Cé go raibh an mórshúil le bheith ar siúl Dé Domhnaigh seo caite, cuireadh cosc air mar gheall ar agóidí ón bpobal náisiúnach. Tugadh doiciméid de réitigh do gach ceann den dá thaobh agus tuigtear go bhfuil siad i mbun plé ar na moltaí. Ag tacú leis na háitritheoirí, tá baill de Chonradh na Gaeilge ann, ina measc Uachtarán na heagraíochta, Ciarán Mac Giolla Bhéin. Tá sé ráite ag Jamie Bryson, comhairleoir dlí don Ord Oráisteach, áfach, nach ngéillfidís choíche, fiú dá bhfaighidís fiche milliún punt. Dar le Coimisiún na bParáidí, rinneadh níos mó ná 2,500 máirseáil i dTuaisceart Éireann ó mhí Aibreáin 2025 go dtí mí an Mhárta 2026.
I mBeirlín, tá polaiteoirí Die Linke, ón eite chlé, ag bualadh leis na Glasaigh, nó ‘Die Grünen’, agus leis na Daonlathaigh Shóisialta, nó ‘die SPD’, chun tús a chur le cainteanna comhrialtais don phríomhchathair. I measc ábhair eile, beidh siad ag plé moladh ó Die Linke chun dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta trí thithe a ghabháil ó thiarnaí talún corparáideacha. Dá mbuafadh Die Linke an lá, ba í a gcomhcheannaire parlaiminte, Elif Eralp, an chéad bhean a bheadh ina méara ar an gcathair. Roimhe sin, áfach, tá fadhbanna le réiteach idir na páirtithe mar gheall ar a gcuid dtuairimí éagsúla faoi Iosrael. Idir an dá linn, tá Seansailéir na Gearmáine, Friedrich Merz, i mbaol fós i ndiaidh na dtorthaí toghcháin tubaisteacha, an ceann a bhuaigh an AfD, nó ‘Alternative für Deutschland’, in Sachsen-Anhalt in oirthear na tíre, san áireamh. De réir na bpobalbhreitheanna is déanaí, is é Merz an ceannaire is measa ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann.
bua gan lúcháir - joyless victory
lucht tacaíochta - supporters
sáinn - standoff
áitritheoirí - residents
comhcheannaire - co-leader
pobalbhreitheanna - polls - Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an séú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.
Cuireadh bille síos an tseachtain seo a thabharfadh saoire 20 lá do mhná atá i ndiaidh breith anabaí, agus saoire 10 lá do dhaoine atá ag dul faoi chóireáil torthúlachta. Rinne Coiste Fiontair an Oireachtais plé ar an reachtaíocht mholta Dé Céadaoin. Dúirt urlabharlaí ó Pháirtí an Lucht Oibre go n-aithneodh an bille seo an tionchar suntasach fisiciúil agus mothúchánach gur féidir na heispéiris seo imirt ar dhaoine, agus am saor ón obair á chur ar fáil do dhaoine nuair is mó gá. Agus í ag labhairt ar chlár teilifíse Morning Ireland de chuid RTÉ, dúirt Marie Sherlock, urlabhraí sláinte an Pháirtí, nach saincheisteanna sláinte amháin iad breith anabaí agus neamhthorthúlacht, ach saincheisteanna don ionad oibre fosta. Dúirt sí gur chuir a páirtí reachtaíocht faoi bhráid na cúirte cúig bliana ó shin agus gur bhain siad tacaíocht láidir thraspháirtí amach. Dúirt sí go bhfacthas forbairtí suntasacha le déanaí i dtíortha eile, lena n-áirítear an Ríocht Aontaithe, an Nua-Shéalainn agus Málta. "Is é fírinne an scéil ná go gcaithfimid a chinntiú nuair a bhíonn an eachtra neamhchoitianta sin ag oibrí ina saol, cibé acu breith anabaí nó cóireáil torthúlachta é, go dtugtar saoire chomhbhách don ionad oibre dóibh, agus gur cheart dóibh a bheith amuigh ar lánphá," a dúirt sí.
Deir Roinn na Gaeltachta go gcuirfear tús leis an phróiseas comhairliúcháin maidir le caighdeáin teanga laistigh de sé mhí. Tagann na caighdeáin in áit chóras na scéimeanna teanga, agus tá an chéim seo ar cheann de phríomhbhearta na reachtaíochta teanga a ritheadh ag deireadh 2021. Bhí sé i gceist an córas nua a chur i bhfeidhm roimh dheireadh 2024 agus imní léirithe ag an Choimisinéir Teanga ó dheas agus ag polaiteoirí faoin mhoill. Faoin chóras nua caighdeán teanga, leagfar dualgais chaighdeánacha teanga ar chomhlachtaí poiblí bunaithe ar an mhéid teagmhála a bhíonn acu leis an phobal. Ag cruinniú de choiste Gaeilge an Oireachtais Dé Máirt, dúirt an Dr Aodhán Mac Cormaic, Ceannasaí Roinn na Gaeltachta, go raibh cur i bhfeidhm na reachtaíochta teanga sin níos casta ná aon rud eile a bhí feicthe aige. “Tá mise 40 bliain sa státseirbhís an mhí seo chugainn agus níor tháinig mé ar phíosa oibre chomh casta leis an phíosa oibre seo atá ar bun don togra seo uilig,” a dúirt an Dr Mac Cormaic agus é ag labhairt ar ullmhú na gcaighdeán, an sprioc earcaíochta 20% agus na bearta eile ata mar chuid d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021.
Cuireadh thart ar 2,000 duine amach as breis agus 300 teach i Falmouth i gCorn na Breataine agus saineolaithe ag plé le buama ón Dara Cogadh Domhanda a aimsíodh san fharraige. Glaodh ar na seirbhísí éigeandála ar 9.15 ar maidin nuair a aimsíodh gléas a chreidtear a bheith ina bhuama aeir Meiriceánach nár phleasc ón Dara Cogadh Domhanda san uisce. Cuireadh crios eisiaimh 300m i bhfeidhm ar dtús, a leathnaíodh go 755m. Cuireadh seirbhísí traenach idir stáisiúin Dugaí Falmouth agus Baile Falmouth ar ceal. Thug Póilíní Devon agus Chorn na Breataine rabhadh: “Má leathnaítear an crios slándála agus má tá cónaí ort laistigh den limistéar seo, moltar go láidir duit do theach a fhágáil faoi 09:00.” Chuaigh an crios eisiaimh i bhfeidhm ar 339 teach. Bunaíodh ionad aslonnaithe ag Eaglais All Saints ar Shráid Killigrew, áit a raibh réimse brioscaí, tae, caife agus luchtairí fón ar fáil d’aon duine a bhí curtha as a dteach, agus gabhadh buíochas le cónaitheoirí as a bhfoighne agus a gcuidiú i rith an ama.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
breith anabaí - miscarriage
torthúlacht - fertility
próiseas comhairliúcháin - consultation process
sprioc earcaíochta - recruitment target
crios eisiaimh - exclusion zone
cónaitheoirí - residents - Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an naoú lá déag de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Cuileagáin.
Tá imní léirithe ag na comhlachtaí móra sa tionscal intleachta saorga mar gheall ar an gcumhacht atá ag an dteicneolaíocht anois. Scríobh an príomhfheidhmeannach de chuid Anthropic, Dario Amodei, aiste inar thug sé rabhadh don domhan faoin
dainséar a bhaineann leis an dteicneolaíocht. Scríobh sé go bhfuil orainn an luas forbartha a mhoilliú san earnáil ar eagla go rachadh an teicneolaíocht as smacht agus deireadh a chur leis an gcine daonna. D’fhógair Google an tseachtain seo gur
éirigh lena bhota comhrá, Gemini, haiceáil a dhéanamh ar chomlachtaí eile as a stuaim féin. Beidh Sam Altman, príomhfheidhmeannach de chuid OpenAI, ag tabhairtráiteas do cheannairí domhanda sa Náisiúin Aontaothe faoi na bagairtí abhaineann le hIntleacht Shaorga. Tá na comhlachtaí intleachta saorga ag iarraidh go mbeidh níos mó rialachán san earnáil chun na bagairtí seo a sheachaint, ach de réir cúpla saineolaí, tá siad ag déanamh áibhéil ar an gcontúirt agus ag iarraidh smacht iomlán a choimeád ar an earnáil.
Ionsaíodh an Teachta Dála ó Chiarraí Theas, Michael Healy-Rae an tseachtain seo agus é ag tiomáint trí chathair Bhaile Átha Cliath. Tharla an t-ionsaí ar Shráid Chorcaí Dé Céadaoin nuair a bhí an Teachta Dála sáinnithe sa trácht. Tugadh fear darb ainm
Anthony Foley os comhair na cúirte Dé hAoine agus cúisíodh é; ní dúirt sé aon rud nuair a cuireadh an chúis ina leith. Tuigtear gur thug an fear buille ar Healy-Rae tríd an bhfuinneog agus gur gearradh liopa Healy-Rae go dona agus go raibh air seacht
ngreim a fháil. Cháin polaitheoirí ó gach páirtípolaitaíochta agus tráchtairí sna meáin an t-ionsaí go géar. Dúirt ceannaire Phairtí an Lucht Oibre, Ivana Bacik, gur ionsaí ar an ndaonlathas a bhí ann.
Tharraing an t-amhránaí Ed Sheeran conspóid mhór an tseachtain seo nuair a chaith sé an t-aoicheoltóir Macklemore amach as a chamchuairt i Meiriceá mar gheall ar an óráid a thug sé inar léirigh sé tacaíocht do mhuintir na Palaistíne. Mhaígh
Macklemore gur díbríodh é tar éis don bhilliúnaí Robert Kraft, a bhfuil seilbh aige ar cúpla staid sa chamchuairt, a mhíshásamh a léiriú do Sheeran agus bagairt a dhéanamh an chamchuairt iomlán a chur ar ceal. Chuir Sheeran teachtaireacht
amach inar dhiúltaigh sé taobh a ghlacadh agus tar éis sin, tharraing gach aoicheoltóir eile amach as an gcamchuairt, Éireannaigh ina measc, an t-amhránaí Aaron Rowe agus an grúpa ceoil traidisiúnta, Beoga. D’fhógair an stáisiún raidió Éireannach Classic Hits nach mbeidh siad ag craoladh Sheeran ar an stáisiún níos mó agus gheall Macklemore go dtabharfaidh sé an méid airgid a fuair sé ó na ceolchoirmeacha a dhein sé sa chamchuairt go dtí seo go carthanais Phalaistíneacha.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
rabhadh - warning
bota comhrá - conversation bot
greim - stitch
daonlathas - democracy
aoicheoltóir - guest musician
camchuairt - tour
More Education podcasts
Trending Education podcasts
About Nuacht Mhall
Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
The week's main news stories, read slowly in Irish.
Podcast websiteListen to Nuacht Mhall, The Rich Roll Podcast and many other podcasts from around the world with the radio.net app

Get the free radio.net app
- Stations and podcasts to bookmark
- Stream via Wi-Fi or Bluetooth
- Supports Carplay & Android Auto
- Many other app features
Get the free radio.net app
- Stations and podcasts to bookmark
- Stream via Wi-Fi or Bluetooth
- Supports Carplay & Android Auto
- Many other app features


Nuacht Mhall
Scan code,
download the app,
start listening.
download the app,
start listening.

































