Powered by RND
PodcastsArtsNuall na nÓg

Nuall na nÓg

Nuall na nÓg
Nuall na nÓg
Latest episode

Available Episodes

5 of 39
  • Fuaim an Fhómhair: Agóid, Amhráin, & Athrú
    Sa chlár seo, labhraímid faoi na scéalta móra atá i mbéal an phobail; rás don uachtaránacht, an agóid náisiúnta ar son na Gaeilge, (easpa) nasc idir uathachas agus Tylenol, agus (easpa) sos cogaidh i nGaza. Ar an taobh níos éadroime, tá muid ag súil le Cork Jazz Festival agus Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste! I saol na healaíne, roinnimid ár gcuid moltaí le déanaí:Staidéar ar an gCailleach le Doireann Ní GhlacáinTraic úr ó Huartan (agus albam nua ar na bacáin)Daughters of Jerusalem Choir ag teacht go hÉirinn gan mhoill
    --------  
    43:53
  • Baois na hóige: Polaitíocht, Brídeoga Róbatacha agus Droch-Fhuáil
    An tseachtain seo, déanann Anna cur síos ar a ról úr mar bhanríon FOMO i ndiaidh chúrsaí craiceáilte an tsamhraidh. Pléimid an méadú ar ionsaithe ciníocha in Éirinn, chomh maith leis an mbaol a bhaineann leis an ngluaiseacht frithvacsaíní, atá á tiomáint ag RFK jr i Meiriceá. Chomh maith leis sin, déanaimid iniúchadh ar shaol aisteach de dhaoine atá ag pósadh róbait AI, agus ar iarracht Anna a cuid éadaí Electric Picnic féin a fhuáil i seachtain amháin (níl inneall fuála aici…).
    --------  
    48:20
  • Soiscéal na nUltach: Sinners, Spallaíocht agus Sluaite i Westminster
    An tseachtain seo, pléimid na heachtraí a thit amach le mí anuas  – tá Trump agus Musk ag troid lena chéile, téann Kneecap ó shluaite ag Coachella go cúirteanna i Westminster, agus an cheist mhór - an bhfuil na hUltaigh na OGs de Phrotastúnachas Soiscéalach? Tchífidh muid ag Féile na Gealaí sibh!Ceol na míosa: Phases le Beoga Scannán na míosa: Sinners 
    --------  
    55:20
  • Breith Suas Linn: An scannal is déanaí is saol na polaitíochta & an chultúir
    Sa chlár seo, pléimid tionchar an chultúir nua-aimseartha ar mheon na mac léinn maidir leis an Ghaeilge, ach an bhfuil an córas oideachais fós ag teip orthu? Ansin, caithfimid trácht a dhéanamh ar pholaitíocht chonspóideach Mheiriceá agus ar phleananna Trump, atá idir aisteach agus dáinséarach. Níos cóngaraí dúinn féin, bhí athrú stairiúil ann i gcúirteanna an Tuaisceart ó aimsir na Péindlíthe, chomh maith leis an cheist mhór i dTithe an Oireachtais faoi easpa Gaeilge an Cheann Comhairle. Bígí linn!
    --------  
    45:19
  • Pod Chinn Bhliana 2024 - Ar Bealach na Réabhlóide
    Sa chlár seo dár bpodchraoladh, caithimid súil siar ar na scéalta móra ó 2024. Ón bhfuacht go dtí an teas, is cosúil go bhfuil an domhan faoi uisce agus trí thine ag aon am amháin. Éist linn agus muid ag déanamh athbhreithniú ar an bhliain seo caite, ag déanamh anailíse ar chúrsaí reatha, ar ealaín, scannáin agus go leor eile. Ach agus muid ag smaoineamh ar fhéidearthachtaí fiáine 2025, is í an cheist ná:Cad atá romhainn? An mbeidh sé ina réabhlóid, nó an tríú Cogadh Domhanda? Tá rud amháin cinnte— caithfidh sé a bheith ar cheann amháin nó an ceann eile.
    --------  
    1:11:03

More Arts podcasts

About Nuall na nÓg

Is podchraoladh úrnua Gaeilge é Nuall na nÓg Tabharfaidh an gang aghaidh ar mhórcheisteanna sóisialta agus polaitiúla a bhaineann go mór leis an aos óg in Éirinn agus ar fud fad na cruinne. Beidh spraoi againn fosta ag plé an tsó agus an anró, uilig faoi anáil na heite clé agus na Gaeilge. Bígí linn ⭕️🎉
Podcast website

Listen to Nuall na nÓg, A Beautiful Breakdown with James & Suzy and many other podcasts from around the world with the radio.net app

Get the free radio.net app

  • Stations and podcasts to bookmark
  • Stream via Wi-Fi or Bluetooth
  • Supports Carplay & Android Auto
  • Many other app features
Social
v7.23.9 | © 2007-2025 radio.de GmbH
Generated: 10/24/2025 - 12:54:07 AM