Skip to content
PodcastsEducationGiob Geab Gaelbhratach

Giob Geab Gaelbhratach

Giob Geab Gaelbhratach
Giob Geab Gaelbhratach
Latest episode

8 episodes

  • Giob Geab Gaelbhratach

    Ciara Ní Ghadhra: Forbair leis an Ghaeilge, agus cuidigh leis an Ghaeilge a fhorbairt

    30/10/2023 | 26 mins.
    Fáilte chuig an eagrán deireanach den tsraith seo de Giob Geab Gaelbhratach, podchraoladh a thugann léargas ar an scéim seo do scoileanna ar fud na tíre a chuireann an Ghaeilge chun cinn, ó pheirspictíochtaí difriúla.

    Seo chugaibh comhrá álainn le hiardhalta Gaelbhratach, Ciara Ní Ghadhra, a d'fhreastail ar Scoil Iosaef, Domhnach Mór. Tá Ciara ag déanamh staidéar ar an Mhicribhitheolaíocht ar Ollscoil na Banríona - áit a bhfuil sí mar chuid de scéim chónaitheach na hollscoile. Labhraíonn sí faoin chinneadh le staidéar a dhéanamh ar ábhar nach í an Ghaeilge í, agus an cúlra atá aici féin leis an Ghaelscolaíocht. Tá laige éisteachta ar Chiara agus rinne a tuismitheoirí cinneadh í a chur chuig an mbunscoil áitiúil, toisc go mbeadh na ranganna níos lú, agus tá Ciara buíoch go deo as an gcinneadh sin nó is uaidh sin a d'fhás an grá atá aici don teanga. Pléann muid tábhacht an chomhoibrithe, todhchaí na Gaeilge agus cumhacht an phobail. An ráiteas is cumhachtaí atá ag Ciara san agallamh seo ná: gur féidir leis an duine aonair forbairt leis an nGaeilge, agus gur féidir leo cuidiú le forbairt na Gaeilge féin.

    Cloiseann muid san eagrán seo freisin guth an phobail ar an gceist: Ar cheart do dhaoine le Gaeilge staidéar a dhéanamh ar ábhair taobh amuigh den Ghaeilge?

    Míle buíochas le Ciara, Cliodhna, Adhna agus Caoimhe.

    Lean Gaelbhratach ar Instagram @gaelbhratach TikTok @gaelbhratach agus Twitter @Gaelbhratach10

    Go raibh maith agaibh as an tacaíocht don chéad sraith den phodchraoladh seo. Tá súil againn gur thug sé léargas daoibh ar shaol agus ar scéal na scéime, chomh maith le saol na Gaeilge agus saolta na n-aíonna féin.

    Tá Gaelbhratach á reáchtáil ag Gael Linn le maoiniú ó: Foras na Gaeilge, An Roinn Oideachais, An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, tríd an Crannchur Náisiúnta agus an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge.
  • Giob Geab Gaelbhratach

    Cóilín Ó Coigligh: Bain úsáid as an nGaeilge atá agat

    23/10/2023 | 31 mins.
    Seo chugaibh an dara heagrán deiridh de Giob Geab Gaelbhratach, a thugann léargas ar an scéim seo do scoileanna ar fud na tíre a chuireann an Ghaeilge chun cinn, ó pheirspictíochtaí difriúla. Míle buíochas as éisteacht go dtí seo!

    San eagrán seo labhraíonn Kathryn agus Ella le Cóilín Ó Coigligh, príomhoide a bhfuil baint fhada aige le Gaelbhratach, a bhí ar an gcoiste stiúrtha don chéad cúig bliana den scéim. Labhraíonn sé faoin tábhacht a bhaineann leis an scoil iomlán a bheith páirteach i gcur chun cinn na Gaeilge, an tréimhse a chaith sé thall san Astráil ar mhalartú poist le príomhoide eile agus an méid a d'fhoghlaim sé ansin, agus fosta faoin ardú croí agus inspioráid a fhaigheann sé ó na paistí. Tagann téama chun cinn san eagrán seo: an tábhacht a bhaineann le cibé Gaeilge atá ar do thoil agat, a úsáid.

    Cloiseann muid san eagrán seo freisin guth an phobail ar an gceist: Cén tacaíocht a thig linn a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil cúpla focal acu?

    Míle buíochas le Cóilín, Aodhán, Ciara agus Liam.

    Lean Gaelbhratach ar Instagram @gaelbhratach TikTok @gaelbhratach agus Twitter @Gaelbhratach10

    Tá Gaelbhratach á reáchtáil ag Gael Linn le maoiniú ó: Foras na Gaeilge, An Roinn Oideachais, An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, tríd an Crannchur Náisiúnta agus an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge.
  • Giob Geab Gaelbhratach

    Ronan Barrett: Tacaíocht do Thuismitheoirí

    16/10/2023 | 32 mins.
    Labhraíonn Kathryn agus Ella le Ronan Barrett san eagrán seo: múinteoir bunscoile atá ag stiúradh Gaelbhratach ina scoil féin. Cuireann Ronan an-bhéim ar thacú le tuismitheoirí agus ar dhaltaí a bheith lárnach sa scéim. Pléann sé na buntáistí a bhaineann le cúrsaí Gaeltachta, tugann sé moltaí teicneolaíochta don seomra ranga agus tá go leor moltaí aige fosta ar conas an saol a éascú do mhúinteoirí atá ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn.

    Cloiseann muid san eagrán seo freisin guth an phobail ar an gceist: Cad is féidir a dhéanamh le tacú le tuismitheoirí leis an Ghaeilge a chur chun cinn sa bhaile?

    Míle buíochas le Ronan, Gemma, Michael Gerard, Kelley agus Sinéad.

    *Ceartúchán: tá ráite san eagrán seo gur múinteoir í Sinéad. Ní hí: Tá sí ag obair le Glór na nGael ar an Scéim Teanga Tí agus ag tógáil a leanaí le Gaeilge.*

    Seo chugaibh Giob Geab Gaelbhratach, podchraoladh a thugann léargas ar an scéim seo do scoileanna ar fud na tíre a chuireann an Ghaeilge chun cinn, ó pheirspictíochtaí difriúla.

    Lean Gaelbhratach ar Instagram @gaelbhratach TikTok @gaelbhratach agus Twitter @Gaelbhratach10

    Tá Gaelbhratach á reáchtáil ag Gael Linn le maoiniú ó: Foras na Gaeilge, An Roinn Oideachais, An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, tríd an Crannchur Náisiúnta agus an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge.
  • Giob Geab Gaelbhratach

    Mairidh Nic Cormaic: Beidh an Ghaeilge i mo shaol go deo

    09/10/2023 | 29 mins.
    Bhur gcéad fáilte chuig eagrán 4 de Giob Geab Gaelbhratach, podchraoladh a thugann léargas ar an scéim seo do scoileanna ar fud na tíre a chuireann an Ghaeilge chun cinn, ó pheirspictíochtaí difriúla.

    Inniu labhraíonn Kathryn agus Ella le Mairidh Nic Cormaic, iardhalta Gaelbhratach le Gaelcholáiste an Eachréidh a bhfuil a comhlacht féin aici, Sew It Seams. Pléann Mairidh an cinneadh le héirí as an gcúrsa ollscoile Gaeilge, le dul i dtreo an fhaisin ina áit. Insíonn sí dúinn fosta faoin taithí a bhí aici ar an scéim, an tábhacht a bhaineann le cairdis agus saol sóisialta trí mheán na Gaeilge, an cúrsa Gaeltachta, Spleodar, agus na buntáistí beaga agus móra a bhaineann le bheith mar chuid de phobal na Gaeilge.

    Cloiseann muid san eagrán seo freisin guth an phobail ar an gceist: Cén tábhacht a bhaineann leis an Ghaeilge a fheiceáil i dtáirgí agus i ngnónna?

    Míle buíochas le Mairidh, Úna Méabh, Seán, Rónán agus Ceithleann.

    Lean Gaelbhratach ar Instagram @gaelbhratach TikTok @gaelbhratach agus Twitter @Gaelbhratach10

    Tá Gaelbhratach á reáchtáil ag Gael Linn le maoiniú ó: Foras na Gaeilge, An Roinn Oideachais, An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, tríd an Crannchur Náisiúnta agus an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge.
  • Giob Geab Gaelbhratach

    Edel Ní Bhraonáin: Tá deis i ngach dúshlán

    02/10/2023 | 29 mins.
    An tseachtain seo, labhraíonn Kathryn agus Ella le hEdel Ní Bhraonain, atá ag obair ar an scéim Gaelbhratach leis na hiar-bhunscoileanna ó bhí 2018 ann. Pléann sí an tábhacht a bhaineann le bheith réalaíoch ach samhlaíoch, le pobal a chruthú ar ollscoil, agus le tacaíocht. Luann Edel fosta na deiseanna a bhí aici de bharr na Gaeilge: turas go Hong Kong, Teach na Gaeilge, a cuid oibre le Conradh na Gaeilge, agus na Gaeil Óga. Tá manna ag Edel, go bhfuil deis i ngach dúshlán, agus tá sin soiléir ón gcomhrá seo.

    Cloiseann muid san eagrán seo freisin guth an phobail ar an gceist: Cén tábhacht a bhaineann le caithimh aimsire trí Ghaeilge, agus cad iad na roghanna atá amuigh ansin?

    Míle buíochas le hEdel, John, Eoin agus Edel Ní Churraoin.

    Lean Gaelbhratach ar Instagram @gaelbhratach TikTok @gaelbhratach agus Twitter @Gaelbhratach10

    Tá Gaelbhratach á reáchtáil ag Gael Linn le maoiniú ó: Foras na Gaeilge, An Roinn Oideachais, An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, tríd an Crannchur Náisiúnta agus an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge.
More Education podcasts
About Giob Geab Gaelbhratach
Fáilte chuig Giob Geab, podchraoladh de chuid Gaelbhratach! Seo guth phobal Gaelbhratach: dúshláin, deiseanna agus scéalta pearsanta na scéime. Cuirfidh muid an 5 cheist chéanna ar mhuinteoirí, ar dhaltaí, ar fhoireann agus ar phobal na scéime, maraon le guth phobal na Gaeilge ar théama atá lárnach i ngach eagrán.
Podcast website

Listen to Giob Geab Gaelbhratach, The Rich Roll Podcast and many other podcasts from around the world with the radio.net app

Get the free radio.net app

  • Stations and podcasts to bookmark
  • Stream via Wi-Fi or Bluetooth
  • Supports Carplay & Android Auto
  • Many other app features