17 episodes
- Cad a chruthóidh tú trí Ghaeilge?
Labhraíomar le hAisling Ní Dhonnabháin, comhbhunaitheoir Fréamhú Collective agus craoltóir agus gníomhaí teanga le taithí na mblianta sna meáin Ghaeilge mar láithreoir teilifíse agus raidió, agus le tógaint pobail le heagraíochtaí Gaeilge. Tá croí Aisling i gcúrsaí bithéagsúlachta agus creideann sí go láidir gurb ionann cosaint na Gaeilge agus cosaint na bithéagsúlachta in Éirinn. Is co-bhunaitheoir den ghrúpa pobail “Fréamhú Collective” í, a bhfuil aidhm acu daoine a spreagadh a cruise Gaeilge a úsáid in éineacht le daoine úna agus timpeallacht dhearfach mhisniúil a chur ar fáil dóibh a bheith tumtha sa teanga.An bhfuil fonn ort rud éigin a chruthú? Tá tuilleadh tacaíochta ar fáil ag www.gaeilge365.ie - Cad a chruthóidh tú trí Ghaeilge?Labhraíomar le Seán Ó Dálaigh, innealtóir ó Bhailé Átha Cliath, a thosaigh ag obair don Chomhairle Cathrach i 2022 agus atá fós i mbun oibre ann, tar éis beagnach ceithre bliana sa Roinn Iompair agus Seirbhísí Poiblí. Tá sé ag obair ar an tionscadal Binsí Comhrá, le tacaíocht ó Gaeilge365.An bhfuil fonn ort rud éigin a chruthú? Tuilleadh tacaíochta ar fáil duit anseo www.gaeilge365.ie.
- Cad a chruthóidh tú trí Ghaeilge?Labhraíomar le Eoin P Ó Múrchú, scríbhneoir agus aistritheoir ó Bhaile Átha Cliath. Bíonn a chuid filíochta agus grinn á chur i láthair aige timpeall na tíre agus ar líne. Is é a bhunaigh Amhránaithe an Chlub, oíche mhíosúil amhránaíochta, agus tá baint lárnach aige le réimse leathan grúpaí pobail, ina measc; Na Gaeil Óga agus GaelGÁIRÍ chomh maith le himeachtaí cultúrtha, foilseacháin éagsúla agus eile.An bhfuil fonn ort rud éigin a chruthú? Tá tuilleadh tacaíochta ar fáil duit ag www.gaeilge365.ie
- Cad a chruthóidh tú trí Ghaeilge?Labhraíomar le Emma Ní Chearúil, craoltóir, cruthaitheoir agus scríbhneoir, a bhfuil a croí istigh i gceol agus cultúr na hÉireann, agus atá tiomanta do ghluaiseachtaí pobail. Bíonn sí ag scríobh ar chúrsaí cultúrtha agus ceoil ar son The Irish Times, is láithreoir cláracha ceoil í ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus tá sí mar chuid d'fhoireann léirithe an podchraoladh Rebel Matters. Le trí bliana anuas tá Raidió Rí-Rá faoina stiúir, ról ina leagann sí béim ar tógáil pobail, agus ardán a sholáthair do cheol na hÉireann a shásaíonn spéiseanna cultúrtha na n-óg. Is Iarchathaoirleach ar Chlub Chonradh na Gaeilge agus iarbhall ar Bhord Stiúrtha fhéile litríochta Gaeilge IMRAM í.An bhfuil fonn ort rud éigin a chruthú? Tá tuilleadh tacaíochtaí ar fáil ag www.gaeilge365.ie.
- Cad a chruthóidh tú trí Ghaeilge?Labhraíomar le hOsgur Ó Ciardha, fiontraí cultúrtha agus sainchomhairleoir Gaeilge is gnó é, a oibríonn le heagraíochtaí agus cuideachtaí sa spás ina dtagann teanga, cruthaitheacht agus straitéis le chéile. Mar bhunaitheoir Fios Ceirde Teoranta agus comhbhunaitheoir a Pop Up Gaeltacht, tá sé mar chroíchuspóir aige an Ghaeilge a chur i bhfeidhm ar bhealach nádúrtha, comhaimseartha sa saol laethúil.An bhfuil fonn ort rud éigin a chruthú? Tuilleadh tacaíochta ar fáil ag www.gaeilge365.ie
More Business podcasts
Trending Business podcasts
About Cruthaigh
Cad a chruthóidh tú trí Ghaeilge?
Tá ceannródaithe teanga ag teacht chun cinn ar fud Bhaile Átha Cliath. Glac páirt sa ghluaiseacht agus cruthaigh todhchaí gheal trí Ghaeilge.
Éist le scéalta na gceannródaithe atá tar éis tús a chur le todhchaí gheal Ghaelach a thógáil i mBaile Átha Cliath agus níos faide i gcéin agus foghlaim uathu.
Podcast websiteListen to Cruthaigh, Money Talks and many other podcasts from around the world with the radio.net app

Get the free radio.net app
- Stations and podcasts to bookmark
- Stream via Wi-Fi or Bluetooth
- Supports Carplay & Android Auto
- Many other app features
Get the free radio.net app
- Stations and podcasts to bookmark
- Stream via Wi-Fi or Bluetooth
- Supports Carplay & Android Auto
- Many other app features


Cruthaigh
Scan code,
download the app,
start listening.
download the app,
start listening.





























