Fáiltigí chuig Nóisin! Podchraoladh úr ina thugtar ardán do Ghaeilgeoirí óga na tíre. Gach seachtain, cuirfidh Cian Mac Coisteala is Sorcha Ní Rianach-Puirséil ...
Goidé mar atá sibh a chairde? San eagrán seo, labhraíonn Sorcha s'againne leis an laoch Órnaith Ní Fhearghaill ó Dhún na nGall.
Oibríonn Órnaith in earnáil na meán agus pléimid na deiseanna staidéara agus fostaíochta le Gaeilge - agus easpa deise i gcásanna áirithe!
Bhaineamar fíor-thaitneamh as an gcomhrá seo ar eispéaras an mhic léinn, moltaí leabhar, agus tuilleadh! Tá dúshlán againn daoibhse chomh maith - bígí ag éisteacht go géar, seans gur leatsa an duais!
Mar is gnách, é seo agus níos mó!
Bígí linn :)
--------
1:11:09
#20 'Tús ré, deireadh ré' le Jonathan Ó Caoimh
Dia daoibh a chairde Gael! Conas atá sibh?
Is fada an lá ó chuala sibh uainne anseo ar Nóisin ach tá leithscéal maith againn ar a laghad. Tá muid beirt faoi ualach na hoibre le cúrsaí ollscoile faoi láthair ach in ainneoin sin go léir, tá gliondar is sceitimíní orainne an t-eagrán seo a roinnt libh.
Lá speisialta is brónach ab ea an Aoine seo caite, lá deireanach Shorcha s'againne ar champas Choláiste Mhuire gan Smál agus muid ag taifeadadh beo ó stiúideo WIRED99.9FM. Mar sin, bheartaíomar dul ar thuras síos bóithrín na smaointe agus muid ag féachaint siar ar na blianta curtha dínn sa choláiste i dteannta cara linn, an ardfhear lách is suáilceach é féin, Jonathan Ó Caoimh.
Ciarraíoch go smior is ea Jonathan agus thug sé faoin gcúrsa bunmhúinteoireachta sa choláiste mar aon le Sorcha, is ní féidir a shéanadh go bhfuil fíor-ghrá aige do theanga na Gaeilge.
Leis na bhfear faiseanta seo, phléamar conas nuamhaisiú is nuálaíocht a thabhairt do theanga na Gaeilge agus conas dearcadh dearfach a chothú di mar mhúinteoirí bunscoile. Anuas air sin, phléamar dúshláin na mac léinn le moilleadóireacht, foirfeachtachas agus andúil teicneolaíochta ina measc.
Chríochnaíomar leis an gcluiche comhrá s'againne, 'Bua, Dua agus Madra Rua!', éistigí linn le fáil amach cad atá i gceist leis seo!
Idir an dá linn, má bhaineann sibh sult as an bpodchraoladh agus má tá fonn oraibh cúnamh a thabhairt dúinn, le bhur dtoil fágaigí léirmheas cúig réalta dúinne, cibé áit a bhfaigheann sibh bhur bpodchraoltaí. Bheimis an-bhuíoch as ucht na tacaíochta!
Mar is gnách, é seo agus níos mó!
Bígí linn :)
--------
51:52
#19 'An Chéad Ghlúin Eile' le Máire Ní Churraoin
Seachtain na Gaeilge sona daoibh a chairde Gael, tá súil againn go bhfuil sibh ag baint sult as!
Lá mór do 'An Chéad Ghlúin Eile' agus iad ag eisiú a gcéad albam le gairid, agus anuas ar seo, bronnadh gradam 'Amhrán Folk na Bliana' orthu ag Gradaim Folk RTÉ 2024 faoi choinne an singil úr s'acu, Bláth na hÓige! Bígí cinnte éisteacht leis agus tacú leo!
Ar an bpointe sin, bheartaíomar dul ar bhóithrín na smaointe agus comhrá le Máire Ní Churraoin a roinnt libh (leath den bhanna seo). De bharr fadhbanna teicneolaíochta, níl an comhrá seo cloiste agaibh go fóill ach tá Máire chomh spreagúil agus ionsparáideach 'is go bhfuil sé de dhualgas orainn é a roinnt libh!
Tá fuinneamh iontach ag Máire agus í ag obair mar cheoltóir, cruthaitheoir, láithreoir teilifíse agus bíonn sí i mbun taistil go minic! An té a bhíonn siúlach, bíonn SÍ scéalach dar ndóigh!
Sa chomhrá seo, labhraímid faoin mbanna ceoil agus a caidreamh lena deirfiúr Étáin, faoin tréimhse ama a chaith Máire i Valencia agus faoina taithí ag láithriú 'Teach Spraoi' ar Cúla4!
Mar is gnách é seo agus níos mó!
Bígí linn :)
--------
50:23
#18 'Barbaí na Gaeilge' le Laura Pakenham
Bhuel a chairde Gael, cén chaoi a bhfuil cúrsaí libh na laethanta seo? San eagrán úrnua seo, bhí ríméad ar Chian s'againn fearadh na fáilte a chur roimh an laoch suáilceach í féin, Laura Pakenham.
Le linn an agallaimh seo, tugann Laura léargas dúinn ar an méid atá idir láimhe aici mar intéirneach le TG4 Foghlaim agus an sproic s'acu chun tacaíocht is áiseanna foghlama do mhúinteoirí, scoláirí is foghlaimeoirí a chur ar fáil ar líne. Labhraímid faoi na tograí nua atá aici féin fosta, chun pobal d'fhoghlaimeoirí na teanga a bhunú ar na meáin shóisialta.
Mar mhúinteoir, ní féidir a shéanadh go bhfuil dúil thréan aici sa léann agus í ag iarraidh feasacht teanga a spreagadh, ionas go mbainfidh Gaeilgeoirí úra níos mó tairbhe agus sult as foghlaim na teanga!
Chomh maith leis sin, insíonn sí dúinn cén fáth ar bheartaigh sí a scrúdú tiomána a dhéanamh trí Ghaeilge agus a heispéireas spéisiúil ar an gclár iomráiteach Grá ar an Trá anuraidh.
Mar is gnách, é seo agus níos mó!
Idir an dá linn, leannaigí @laurajpakenham agus @tg4foghlaim ar Instagram/TikTok agus déanaigí cinnte https://foghlaim.tg4.ie/ a sheicéal amach chun níos mó eolais a fháil faoi na hacmhainní uilig atá ar fáil ann.
Bígí linn :)
--------
51:51
#17 'Eiseamláir na Trionóide' le Pádraig Mac Brádaigh
Haigh a chairde, goidé mar atá sibh?
Ba mhaith linn ár gcomhghairdeas a ghabháil le lucht Choláiste na Trionóide as ucht an éachta a bhain siad amach le déanaí chun ról Oifigeach Gaeilge Lán-Aimseartha a bhunú in Aontas na Mac Léinn s'acu. Bhí baint nach beag ag Pádraigh Mac Brádaigh, leis an toradh seo.
San eagrán seo, tá Sorcha s’againne ag caint le Pádraig mar gheall ar an bhfeachtas, ar infheictheacht na Gaeilge ar chapais tríú leibhéal agus ar a shaol pearsanta féin ‘is é ag fás aníos i Nua Eabhrac!
Glaoimid ar na hinstitiúidí tríú leibhéal eile ar fud na tíre dea-shampla na Trionóide agus na Gaillimhe a leanúint agus Oifigeach Gaeilge Lán-Aimseartha a bhunú in Aontas na Mac Léinn s’agaibh!
Mar is gnách, é seo agus níos mó!
Bígí linn :)
Fáiltigí chuig Nóisin! Podchraoladh úr ina thugtar ardán do Ghaeilgeoirí óga na tíre. Gach seachtain, cuirfidh Cian Mac Coisteala is Sorcha Ní Rianach-Puirséil agallamh ar aíonna spreagúla atá i ngrá leis an teanga agus atá ag iarraidh an Ghaeilge a chothú agus a chaomhnú don todhchaí. Más mian leatsa feabhas a chur ar do chuid Gaeilge agus éisteacht le comhráite réchúiseacha lán le clamhsán agus craic, bígí linn!
Gabhaimid buíochas ó chroí le lucht Wired 99.9FM is Raidió Rí-Rá as ucht na comhairle agus na cabhrach uilig leis an bpodchraoladh seo!